An Charraig Aonar... Soilse Rabhaidh
An Charraig Aonar... Soilse RabhaidhAmach ó Chléire, go teanntásach san fharraige mhór tá Charraig Aonair. Tá teach solais anseo a chaitheann a sholas, gach cúig shoicind, mar rabhadh do loingeas na farraige. Tá solas anseo ó 1906. Deineadh i gCorn na Breataine é de chloch éibhir na háite sin. Gearradh teanga agus eitre ar gach aon bhloc den eibhear lena chur i bhfastó sa chéad bhloc eile sular thóg na ceardaithe Cornacha go triallach ar dtús é. Tógadh as a chéile ansin é agus cuireadh an cuan amach go dtí an Charraig é. Tógadh buan ansin é.
Ag an gCarraig a chasann na luaimheanna sa Fastnet Yacht Race a reáchtáltar gach dara bliain. Glacann lucht luaimhe ó gach aon áit ar fud na cruinne páirt ann lena gcuid scileanna a thástáil faoi thoscaí dúshlánacha.
« Ar ais