Mas galfaire tu…
Galfchumann Oileán na CruiteBain taitneamh as an radharcra breá agus as an trá aoibhinn ar an gcúrsa 9 bpoll seo. Cúrsa gairid ach amháin nuair a bhíonn an ghaoth ag séideadh - agus ní rud neamhghnách é sin! Machaire Par 68.
Déan teagmháil:
Teil/Tel: 075 9543296
« Ar ais
Galfchumann Oileán na CruiteTá sár radharcanna ón gcúrsa 9 bpoll seo. Fanann sé ar oscailt i gcaitheamh na bliana ar fad ar tháillí imeartha. Suite os cionn na farraige, tá dúshlán ann, go háirithe nuair a shéideann an ghaoth aniar ón bhFarraige Mhór. Tá an cúrsa suite ar imeall Bhá Ghaoth Dobhair, ar aghaidh na n-oileán mara agus Sliabh Earagail lena chúl. Machaire Par 71.
Déan teagmháil:
Teil/Tel: 074 9531140
« Ar ais
Galfchumann Chloich Cheann Fhaola, An Fál CarrachTá nuachúrsa dea-dheartha, 9 bpoll, leagtha amach anseo ar shean eastát stairiúil Bhaile Uí Chonaill. Mórthimpeall air tá crainn fhásta páirce. Par 70.
Déan teagmháil:
Teil/Tel: 074 9135243
« Ar ais
Galfchumann Ros na Binne, Na DúnaibhScoth chúrsa craoibhe 18 bpoill a dhear Tom Morris ó St Andrew’s in 1893 agus a dearadh athuair i 1906 ag James Braid agus Harry Vardon. Tá radharc breá anseo ar Chuan na gCaorach agus ar Chuan na Maoile Rua. Par 70.
Déan teagmháil:
Teil/Tel: 074 9155301
« Ar ais