Faoi Ghaelsaoire

Ireland Map
Is é Údarás na Gaeltachta an áisíneacht áitiúil rialtais atá freagrach as forbairt eacnamaíochta, shóisialta, teanga agus cultúr na Gaeltachta in Éirinn. Ar chósta an iarthair agus an iardheisceart is mó atá na ceantair Ghaeltachta. Déanann an tÚdarás cúram dá phríomh iarracht ar chaomhnú agus forbairt na teanga trí straitéisí chun postanna agus maoin a chruthú agus trí raon fairsing de thionscnaimh pobal, ealaíne, teanga agus cultúir.

Tionscnamh straitéiseach a thosaigh an tÚdarás le forbairt agus cur chun cinn na turasóireachta cultúrtha. Is aidhm don Údarás branda a chur ar an nGaeltacht mar áit ar leith mar gheall ar an nGaeilge a bheith ina teanga pobail, mar gheall ar fhéiniúlacht na Gaeltachta de bhrí go bhfuil sainchultúr agus meon dúchais inti, sainiúlacht agus meon a léirítear sa cheol, san amhránaíocht agus sa rince, gan trácht in aon chor ar chuid de na radharcanna tíre is breátha in Éirinn. Tá an tionscnamh seo á chur chun cinn trí feidhm éifeachtach a bhaint as an mbranda aitheantais 'GaelSaoire, Scíth sa Ghaeltacht'.